Cás-staidéir

SÓ bunaíodh muid tá saineolas an-láidir faighte againn sna réimsí margaidh uile a ndéanaimid freastal orthu. Le cloí le rúndacht ár gcuid cliant nílimid in inmhe sonraí iomlána na gcásanna seo a fhoilsiú ach tabharfaidh an méid seo a leanas barúil duit dá bhfuil déanta againn agus dár FÉIDIR LINN DÉANAMH DUITSE.

• Kayfoam – Woolson:

  • Ó 2005 ar aghaidh, tá doiciméid agus lámhleabhair aistrithe againn go rialta agus ar gearrfhógra a bhfuil líon focal thar an ceathrú milliún focal i gceist, go cúig theanga, ar a n-áirítear Eastóinis, Laitvis, Liotuáinis, Polainnis agus Rúisis.
• Ombudsman na bPinsean:
  • Tá Tuarascáil Bhliantúil agus Achoimriú Cásanna aistrithe go Gaeilge againn, ag baint amach go héasca sprioc sheachtaine.
• Ospidéal Naomh Uinseann:
  • I mbliana (2007) d’aistríomar roinnt bróisiúr agus bileog míochaine go teangacha éagsúla; arís, baineadh amach go héasca an sprioc choicíse.
• An Garda Siochana:
  • Tar éis dúnmharaithe i gceantar Chluain Eois, Co. Mhuineacháin, i 2005 sholáthair muid cúigear ateangaire Liotuáinise don stáisiún laistigh de 30 nóiméad tar éis dúinn iarratas a fháil.
  • Faighimid iarratais go rialta le ráitis a aistriú a thugtar i dteangacha agus i gcanúintí dúchais go Béarla, agus a mhalairt. Is gnáth go gcuirtear an méid seo i gcrích laistigh de thréimhse dhá uair an chloig ó dhéantar an t-iarratas.
  • Tar éis dúnmharaithe i gceantar na hUaimhe sholáthair muid ateangaire Afracáinise laistigh de dhaichead nóiméad agus lean muid ar aghaidh leis an tseirbhís sin go dtí gur cuireadh an cás i gcrích.

    garda

    Cúis bhróid dúinn é go raibh muid rannpháirteach i leabhrán a sheol an Garda Síochána le déanaí 'Do Sheirbhís Phóilíneachta in Éirinn Ilchultúrtha ', a d’aistrigh muid go 8 dteanga.

• Ospidéal Sráid an Teampaill:

  • I mbliana d’aistrigh muid líon de thionscadail mhíochaine go roinnt teangacha (Araibis, Sínis, Fraincis, Polainnis, Portaingéilis, Rómáinis, Rúisis agus Urdais), arís baineadh amach go héasca an sprioc choicíse. Bhí an líon focal sa chás seo thar céad caoga míle.

• Seirbhísí Dlíthiúla na dTeifeach:

  • Tá seirbhísí aistriúcháin curtha ar fáil againn ar gearrfhógra go Tibéidis.