Content on this page requires a newer version of Adobe Flash Player.

Get Adobe Flash player

CCanna
Conas a chuirim iarratas isteach ar mheastachán?
Le hiarratas a chur isteach ar mheastachán, líon isteach an fhoirm ar líne ar leathanach meastachán an tsuímh ghréasáin seo. Má tá do chomhad nó do dhoiciméad i bhformáid leictreonach, is féidir leat é a cheangal agus é a chur chugainn d’aistriú sábháilte agus tapúil.

Cén tréimhse freagra atá i gceist ó thaobh fáil meastacháin de?
A fhad is nach mbíonn aon deacrachtaí nach bhfuil súil leo ó thaobh oscailt do chomhaid leictreonaigh de, tugaimid ráthaíocht ar fhreagra ar d’iarratas laistigh de 24 uair an chloig.

An féidir liom mo chomhad a chur chugat go leictreonach?
Is féidir, is féidir leat é a cheangal leis an bhfoirm ar líne atá le fáil ar leathanach na meastachán. Má bhíonn a leithéid neamhphraiticiúil, is féidir leat é a chur chugainn trí mheán ríomhphoist ag translations@wordperfect.ie

Conas a chuirim mo chomhad chugat mura bhfuil sé i bhformáid leictreonach?
Is féidir leat do dhoiciméad a chur chugainn ar facs, le teachtaire, trí bhualadh isteach chugainn nó is féidir leat é a chur sa phost chugainn le meastachán a fháil. Tá ár bhfaisnéis teagmhála le fáil ar an leathanach Déan Teagmháil Linn ar ár suíomh gréasáin.

An mbeidh duine éigin i dteagmháil liom faoi mo mheastachán?
Beidh, tugaimid ráthaíocht air go dtabharfar freagra ort laistigh de thréimhse 24 uair an chloig ó fhaightear iarratas uait. Más rud é gur dóigh linn, ar chúis éigin, nach féidir linn do mheastachán a sholáthar laistigh de thréimhse 24 uair an chloig déanfaimid teagmháil leat agus cuirfimid in iúl duit cén uair is féidir leat bheith ag súil lena fháil. Gheobhaidh tú freagra uathoibríoch deimhnithe le casadh an ríomhphoist má chuireann tú do chomhad againn go leictreonach.

Cad a dhéanaim má bhím ullamh le go n-aistreofá mo chomhad nó mo dhoiciméad?
Má tá tú ullamh le go gcuirfimis tús leis an obair, ní gá ach síniú agus dáta a chur lenár meastachán agus é a chur chugainn ar facs ag 01-8873895. A luaithe is a fhaighimid an glacadh sin tosóimid ar aistriú do chuid doiciméad.

An bhfuil aon chostais eile ann ar féidir go dtabhófaí iad?
Ar na costais nach n-áirítear sa bhunmheastachán tá táillí thar oíche, táillí postais, muirir fad-raoin agus aon athruithe nár tugadh meastachán dóibh roimhe seo. Suimeofar iad seo ar a gcostas.

Conas a dhéanann sibh praghsáil?
Bunaítear an costas ar líon focal i mórchuid na gcásanna. Is féidir go mbeidh tionchar ag an sprioctheanga ar an bpraghsáil freisin. Ba chóir duit ár leathanach meastachán a cheadú leis na sonraí uile a fháil. Déanfar anailís ar do mheastachán agus is féidir leat feiceáil cén áit ar tabhaíodh an costas.

Cad iad na cáilíochtaí atá ag an bhfoireann agaibh?
Is cainteoirí dúchais na sprioctheanga iad ár gcuid teangeolaithe uile agus is saineolaithe aitheanta ina réimse ábhair iad. Is gairmithe iad a dhéantar a roghnú, a thástáil agus a mheas go dian againn. Tá taithí ollmhór acu de bheith ag soláthar aistriúcháin agus ateangaireachta ina réimsí faoi seach. Má theastaíonn faisnéis uait faoi aistritheoir ar leith, déan teagmháil linn agus tabharfaimid freagra ort.

Cad iad na teangacha ina ndéanann sibh aistriúchán agus ateangaireacht?
Tá ár bhfoireann ábhalmhór i gcónaí ar fáil le haon teanga is mian leat a láimhseáil. Ó Afracáinis go Súlúis is féidir linn aon rud a aistriú.

Cad iad na bearta a dhéantar le cinntiú go bhfuil m’aistriúchánsa cruinn?
Is é an cuspóir atá againn ná torthaí d’ardchaighdeán a bhaint amach ar bhonn comhsheasmhach. Leis an gcuspóir seo a bhaint amach tá córas ráthaíochta ardchaighdeáin i bhfeidhm againn. Is struchtúr ilchéime é an córas seo ó thús go deireadh le cinntiú go bhfaigheann tú díreach an tseirbhís a theastaíonn uait. Beidh daoine éagsúla ag plé leis an aistriúchán a theastaíonn uait lena chruinneas a chinntiú.

An soláthraíonn sibh aistriúcháin mar chomhaid leictreonacha?
Soláthraíonn, is féidir linn aschur a sholáthar duit atá réidh le priontáil i mórchuid na bhformáidí leictreonacha.

An soláthraíonn sibh dearadh agus forbairt suímh ghréasáin?
Soláthraímid an tseirbhís seo. Aistrímid agus ceapaimid do shuíomh gréasáin sa tslí go luaitear thú ag barr mhórchuid na bpríomhinneall cuardaigh nuair a chuirtear an suíomh ar fáil. Le tuilleadh eolais a fháil faoinár seirbhís suímh ghréasáin, déan teagmháil linn, le do thoil.

An féidir libh guthuithe a aistriú agus a dhéanamh do thaifeadtaí éisteachta nó físeáin?
Is féidir linn an tseirbhís aistriúcháin seo, atá an-oilte agus atá éifeachtach ó thaobh costais de, a sholáthar. Tá margaíocht dhomhanda ag éirí níos riachtanaí i rith an ama le go mairfeadh do ghnólacht i sochaí an lae inniu. Is féidir do ghnó a chur ar bhonn domhanda díreach trí theagmháil a dhéanamh linn. Déanfaimid an obair uile duit.

Cad a tharlaíonn más mian liom go mbeadh díreach an chuma chéanna ar an aistriúchán is atá ar an mbuntéacs?
Soláthraímid Foilsitheoireacht Deisce, formáidiú agus clóchuradóireacht. Cé acu má bhíonn lipéad táirge nó suíomh gréasáin i gceist, cuirfimid díreach an chuma chéanna ar d’aistriúchán is atá ar an mbuntéacs.

Cad is Foilsitheoireacht Deisce ann?
Tagraíonn Foilsitheoireacht Deisce do shocrú agus do leagan amach do thionscadail. Nuair a bhíonn an téacs aistrithe is féidir le Word Perfect do dhoiciméad a dhearadh agus a shocrú le go mbeidh cuma agus nádúr an bhuntéacs aige, sin nó cuma ghairmiúil nua nó athnuaite ar fad a chruthú!

Cad atá i gceist le formáidiú?
Tagraíonn formáidiú d’ionad beacht an aistriúcháin idir imill shonraithe.


Cad atá i gceist le clóchuradóireacht?
Tagraíonn clóchuradóireacht do "chlófhoireann" agus d’eochairbhuille gach focail i do dhoiciméad. Tá breis is 450 stíl chló de rogha ag Word Perfect.

Cad atá i gceist le haistriúchán deimhnithe?
Nuair a dheimhníonn aistritheoir cruinneas an aistriúcháin i dtaca le bundoiciméad i dteanga eile bíonn sé nó sí lánfhreagrach as a leithéid de ráiteas a dhéanamh agus nuair a chuirimid aistriúchán deimhnithe ar fáil duit tugaimid ráthaíocht air go bhfuil an t-aistriúchán cruinn, gan é a bheith bunathraithe in aon slí.

Cén cineálacha doiciméad a dteastaíonn deimhniú oifigiúil uathu?

Teastais bhreithe
Páipéir cholscartha nó idirscartha
Teastais phósta
Céimeanna agus dioplómaí
Teastais bháis
Ráitis mhíochaine
Páipéir Uchtaithe
Comhaontuithe
Páipéir Chaomhnóireachta
Conarthaí
Gníomhais nótaire
Meabhráin agus Airteagail Chomhlachais
Rialuithe Cúirte
Comhfhreagras oifigiúil
Mionnscríbhinní
Aon doiciméad eile a iarrann údaráis, dlíodóirí, comhlachtaí nó custaiméirí aonair
Ráitis