Tionscail

Agus do ghnólacht ag éirí níos domhanda, is tábhachtach go mbeifeá in ann cumarsáid a dhéanamh le raon leathan daoine agus go mbeadh tuiscint agat dóibh. Is féidir, áfach, an-dúshlán a bheith ag baint le cumarsáid a dhéanamh le margadh ina bhfuil difríochtaí teanga agus cultúrtha i bhfeidhm nach bhfuil cur amach agat orthu.

Teastaíonn níos mó ó ghnólachtaí agus ó chliaint idirnáisiúnta ná lomaistriú suímh ghréasáin nó bróisiúir chomhlachta. Cuireann Word Perfect ar do chumas cumarsáid a dhéanamh le do chuid comhpháirtithe agus cliant eachtrannacha, ní hamháin ina dteanga féin, seachas freisin ar bhealaí a léiríonn gur mór leat a gcultúr.

Tá sé d'aidhm againn idirnáisiúnú do ghnólachta a éascú ó thaobh na teanga de.