|
|
|
|
|
|
||
![]() |
|
|||||
![]() |
||||||
|
|
||||||
|
|
||||||
|
|
||||||
Ateangaireacht
|
|
|||||
|
“Ní léir cá mhéad teangacha atá á labhairt in Éirinn. Tá rud amháin cinnte, áfach: is iomaí duine atá ina gcónaí sa tír seo nach bhfuil leibhéal maith Béarla acu. Tógann sé i bhfad le teanga a fhoghlaim go leibhéal oilteachta. Fiú i gcás daoine a bhfuil Béarla réasúnta maith acu. is féidir nach leor a leibhéal i suíomhanna áirithe, mar shampla agus iad ag tabhairt cuairte ar dhochtúir teaghlaigh, nó le linn cuairte ar an ospidéal, le linn ceisteoireachta ag Gardaí, nó ag dul os comhair cúirte mar fhinné nó mar chosantóir. Sna cásanna seo teastaíonn ateangaireacht. Sna suíomhanna seo tá sé den riachtanas go mbeadh ateangaire inniúil ar fáil.” Mary Phelan, “Seirbhísí Ateangaireachta in Éirinn, Ag Socrú Caighdeán agus ag Bunú Córas”
Is gairmithe oilte iad ateangairí Word Perfect ar féidir leo ateangaireacht chruinn a sholáthar trí mheán ateangaireachta comhuainí, ateangaireachta iaruainí, ateangaireachta teileafóin nó trí chogarnach. Úsáidtear Ateangaireacht Chomhuaineach (a dtugtar ateangaireacht chomhdhála uirthi freisin) do chomhdhálacha móra, do chruinnithe gnó, do sheoltaí meáin chumarsáide agus do chraoltaí beo teilifíse, agus nuair a bhíonn dhá theanga nó níos mó á n-úsáid. Aistreoidh ateangairí Word Perfect isteach sa sprioctheanga agus ag an am céanna beidh siad ag éisteacht leis agus ag tuiscint na chéad abairte eile. Is í an Ateangaireacht Iaruaineach is oiriúnaí i suíomh níos lú, leithéidí cruinnithe gnó, teistíochtaí, scrúduithe leighis, agallaimh agus láithreoireachtaí. Is é atá i gceist le hateangaireacht iaruaineach ná go ndéanfadh cainteoir stad tar éis smaoineamh a chur i gcrích, ansin aistríonn an t-ateangaire an méid a bhfuiltear tar éis a rá. Is gairmithe an-oilte iad ateangairí iaruaineacha Word Perfect atá in inmhe aistriú sa dá threoir, ag cothabháil ag an am céanna tuin chainte, stíl agus glór an chainteora. Bíonn an ateangaireacht teileafóin an-úsáideach le haghaidh suíomhanna éigeandála agus táthar á húsáid níos mó i rith an am mar chineál ateangaireachta atá éifeachtach ó thaobh costais de, nuair nach bhfuil gá le cruinniú duine le duine. Mar cheann de phríomhsholáthróirí ateangaireachta teileafóin na hÉireann, tairiscíonn Word Perfect seirbhís atá so-úsáidte agus atá fíoréifeachtach ar fad. Bíonn ateangairí Word Perfect inrochtana ar bhonn 24/7 trí mheán uimhreach teileafóin glao costais ísil. Ní bhíonn ár gcuid custaiméirí ar feitheamh ar feadh níos mó ná 90 soicind, ansin cuirtear i dteagmháil leis an ateangaire is oiriúnaí iad. Ateangaireacht Chomhuaineach i gCogarnach: i suíomhanna áirithe, mar shampla sa Chúirt Dúiche, deir an t-ateangaire an t-aistriúchán i gcogarnach leis an gcosantóir. Ateangaireacht Mhíochaine. Níl aon earráid ceadaithe nuair a bhíonn beatha othar i gceist ná aon mhoill chumarsáide nuair a bhíonn gach soicind criticiúil. Bíonn dochtúir ag brath ar an bhfaisnéis a thugann an t-ateangaire le taifead míochaine cruinn a fháil. Bíonn faisnéis bheacht bunriachtanach le diagnóis a dhéanamh. Ní féidir go mbeadh toiliú eolasach ann nuair nach dtuigeann tuismitheoirí go díreach cad é a bhfuil siad tar éis comhaontú leis. Bíonn Ateangairí Míochaine Word Perfect cáilithe, déantar seiceáil orthu, oiltear iad agus déantar iad a thástáil go sonrach do bheith ag obair i dtimpeallacht mhíochaine. Sin an fáth ar bronnadh an oiread sin tairiscintí ospidéil orainn, rud a léiríonn ár dtiomantas do sheachadadh na dtorthaí is fearr is féidir dár gcuid custaiméirí.
|
||||||
|
|
||||||
|
|
||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
| Fúinne | Seirbhísí | Tionscail | Cliaint | CCanna | Nuacht | Déan Teagmháil Linn |