Content on this page requires a newer version of Adobe Flash Player.

Get Adobe Flash player

Príomhphearsanra
Olga Shajaku

Olga Shajaku
Is teangeolaí agus dlíodóir gairmiúil í Olga, ar tionscnóir, bunaitheoir agus comhstiúrthóir Word Perfect í. Bhain Olga amach agus bhainistigh sí líon de chonarthaí ardphróifíl an chomhlachta, ar a n-áirítear conarthaí do sholáthar seirbhísí ateangaireachta le Seirbhís Dhlíthiúil na dTeifeach, do sholáthar seirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha, agus do sholáthar seirbhísí ateangaireachta teileafóin do FAS, gan ach cuid acu a lua.

Bronnadh dámhachtain ar Olga do Bhean Ghnó Óg na Bliana, 2007, ag an iris Image, agus ainmníodh í mar dhuine d'iomaitheoirí ceannais na catagóire Ag Teacht Chun Cinn i gcomórtas 2007 Ernst & Young d’Fhiontraí na Bliana.

 

Jimmy Gashi

Jimmy Gashi
Is céimí de chuid Coláiste Náisiúnta na hÉireann é Jimmy atá cáilithe i gcaidreamh Bainistíochta agus Fostaithe, ar tionscnóir, bunaitheoir agus comhstiúrthóir Word Perfect í.

Is é Jimmy ceann tiomána na feithicle corparáidí seo, agus airsean is fearr a bhfuil aithne ag ár gcuid cliant corparáideach agus príobháideach. Faoi láthair tá sé páirteach i roinnt tionscadal a bhaineann le leathnú corparáideach agus eisean atá freagrach as cruthú agus bainistiú bunachair shonraí de bhreis is 3,000 aistritheoir agus ateangaire.

Jolita Puodziukaitiene

Jolita Puodziukaitiene
Is í Jolita Bainisteoir Ceantair Word Perfect agus is í Ionadaí cheantar na Teorann, Lár Tíre agus an Iarthair. Is cainteoir dúchais Liotuáinise agus Rúisise í Jolita, agus faoi láthair tá sí ag bainistiú ár gconartha do sholáthar seirbhíse ateangaireachta 24 uair an chloig don Gharda Síochána do Rannán an Chabháin/Mhuineacháin i measc conarthaí eile.