|
|
|
|
|
|
||
![]() |
|
|||||
![]() |
||||||
|
|
||||||
|
|
||||||
![]() |
||||||
|
|
||||||
Nuacht
|
|
|||||
|
1 Lúnasa 2007, Baile Átha Cliath. D’fhógair Word Perfect Translations – príomhchomhlacht na hÉireann atá speisialaithe i soláthar seirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin inniu go bhfuil stiúrthóir nua neamhfheidhmiúcháin ceaptha aige, Peter Brennan, a bheidh ina chathaoirleach ar an mBord freisin; tá feidhm leis an gceapachán láithreach. Tá Peter speisialaithe in obair straitéiseach chomhairle ghnó, soláthar, infrastruchtúr, athrú aeráide agus anailís pholasaí phoiblí náisiúnta agus AE. Roimhe seo bhí sé i mbun seirbhís comhairliúcháin ghnó Dlíodóirí A&L Goodbody. Bhí sé ina Stiúrthóir do Ghnóthaí Eorpacha ag CGFÉ ó 1986 go dtí gur fhill sé ar Éirinn i 2001. Tá taithí earnála poiblí ag Peter leis na Ranna Gnóthaí Eachtracha, agus Fiontar, Trádála agus Fostaíochta (1970 go 1986). Mar bhall dá Choiste Feidhmiúcháin tá sé ina chathaoirleach ar Choiste Polasaí do ‘Bhaile Átha Cliath Iomaíoch’ Chumainn Tráchtála Bhaile Átha Cliath. Tá sé ina chathaoirleach ar Choiste Taighde Institiúid na nGnóthaí Eorpacha agus tá sé ina Chathaoirleach ar Ghrúpa Straitéise Athraithe Aeráide IGE. Ainmníodh Peter mar 'Dhuine na Bliana PPP' CGFÉ i 2002 mar chomhartha aitheantais ar a chuid oibre ceannródaíochta sa réimse seo. Ainmníodh é ag 'Business and Finance' mar dhuine de 100 daoine is mó tionchair i réimse an ghnó i 2006. Tá B.Sc aige sa Riarachán Poiblí ó Choláiste na Tríonóide agus tá sé ag críochnú tráchtais dochtúireachta faoi dhinimic cheapadh beartais an AE agus is é údar leabhair atá le foilsiú faoi ‘na hIdirbheartuithe san AE a mhúnlaigh Éire an lae inniu.’ Is ball gníomhach é freisin d’Institiúid na Stiúrthóirí, de Chumann na nGnólachtaí Beaga agus de Chumann Comhairleoirí Bainistíochta na hÉireann. Mar Chathaoirleach an Bhoird, beidh Peter freagrach as pleanáil straitéiseach agus leathnú gnó Word Perfect. Dúirt bunaitheoirí agus comhstiúrthóirí Word Perfect, Olga Shajaku agus Jimmy Gashi, go raibh áthas orthu fáilte a chur roimh Peter mar bhall den Bhord: “Bhíomar ag comhoibriú le Peter i dtaca le roinnt tionscadal agus rachaidh a chumas cruthaithe le torthaí dearfacha a bhaint amach in éineacht leis an taithí fhairsing atá aige i dtaca le pleanáil straitéiseach agus forbairt ghnó, rachaidh siad chun leasa an Chomhlachta go mór."
|
||||||
|
|
||||||
|
|
||||||
|
|
|
|
|
|
|
|
| Fúinne | Seirbhísí | Tionscail | Cliaint | CCanna | Nuacht | Déan Teagmháil Linn |