Content on this page requires a newer version of Adobe Flash Player.

Get Adobe Flash player

Preas-ráitis

OLGA GASHI AINMNITHE DO DHÁMHACHTAIN D’FHIONTRAÍ ATÁ AG TEACHT CHUN CINN AG ERNST AND YOUNG

Baile Átha Cliath, Bealtaine 2007 – Tá Olga Gashi, Stiúrthóir Bainistíochta Word Perfect Translations, ainmnithe do Dhámhachtain Ernst and Young d’Fhiontraí Óg na Bliana sa Chatagóir d’Fhiontraí atá ag Teacht Chun Cinn.
Tá Word Perfect Translations speisialaithe i seirbhísí aistriúcháin agus ateangaireachta chomh maith le soláthar aistriúchán ginearálta, teicniúil, dlíthiúil agus doiciméadach do idir chliaint phoiblí agus phríobháideacha. Bunaíodh Word Perfect i 2001 ag a Stiúrthóirí Olga agus Jimmy Gashi agus tá an comhlacht ar an saol le breis is cúig bliana. Tá foireann de 9 fostaithe lánaimseartha acu i mBaile Átha Cliath, le tacaíocht ó bhainisteoirí réigiúnacha atá lonnaithe sa Chabhán, i gCorcaigh agus i nGaillimh. Fostaíonn Word Perfect breis is 3,000 ateangaire agus aistritheoir, rud a fhágann gurb é an comhlacht seo soláthróir is mó seirbhísí ateangaireachta agus aistriúcháin na hÉireann.
Arsa Olga Gashi, “Cúis mhór bhróid dom é bheith ainmnithe dá leithéid de dhámhachtain cháiliúil. Bunaíodh Word Perfect mar fhreagra díreach ar an ngá atá le seirbhísí gairmiúla agus saineolacha aistriúcháin agus ateangaireachta in Éirinn ilteangach atá ag athrú agus atá bríomhar, agus tá ár gcuid seirbhísí curtha in oiriúint againn le sé bliana anuas le freastal a dhéanamh ar na hathruithe atá le sonrú sa mhargadh.”

DEIREADH

go to Ernst and Young Event