Teistiméireachtaí

“Tá Ospidéal Beaumont ag baint leasa as seirbhísí Word Perfect Translations ó Aibreán 2003 go dtí an lá atá inniu ann. Le linn na tréimhse seo is é ár dtaithí gur pléadh le gach iarratas ar bhealach an-chúirtéiseach agus an-ghairmiúil. Soláthraítear seirbhís atá éifeachtach, éifeachtúil agus rúnda. Déanann an raon leathan teangacha agus an tréimhse mhear fhreagra freastal ar ár gcuid riachtanas.”

E.G Peggy Mahon,
Rannóg Ionadaithe na nOthar,
Ospidéal Beaumont, BÁC 7

“Is é ár dtaithí ná go bhfuil gach ateangaire a sholáthair Word Perfect Translations Ltd an-inniúil agus an-discréideach ar fad agus iad i mbun a gcuid dualgas. Bíonn Foireann Riaracháin an Chomhlachta i gcónaí an-éifeachtach, an-iontaofa agus an-chúirtéiseach. Ba mhór an pléisiúr dom é seirbhísí an chomhlachta a mholadh, bunaithe ar an taithí atá agam de bheith ag plé leo.”


Margaret Carroll,
Cléireach Cúirte Dúiche, Wexford

“Tá úsáid bainte ag Quinn Direct Insurance as seirbhísí Word Perfect Translations le trí bliana anuas, le doiciméid a aistriú ó mhórchuid na dteangacha Eorpacha go Béarla. Ba mhaith linn tabhairt le fios go raibh Quinn Direct Insurance an-sásta leis an tseirbhís a sholáthraíonn Word Perfect Translations.”

Noel Gilheany,
Rannóg na nÉileamh,
Ceannasaí,
Comhlacht Árachais Quinn Direct.
Cavan

“Tá úsáid bainte againn as seirbhísí Word Perfect Translations le hobair a aistriú le cúig bliana anuas. Ós rud é go bhfuilimid speisialaithe in obair Inimirce is minic a bhainimid leas as áisínteachtaí éagsúla; is mór linn go háirithe, áfach, go ndéanann an tUasal Gashi freastal pras ar na riachtanais is práinní againn. Ní bheadh leisc dá laghad orm Word Perfect a mholadh le haghaidh oibre Cúirte agus Dlíthiúla. Bíonn an fhoireann cúirtéiseach, poncúil agus éifeachtach i gcónaí.”

Derek Stewart,
Stewart & Co., Dlíodóirí, BÁC 2

“Tá Seirbhís Dhlíthiúil na dTeifeach ag baint úsáid as seirbhísí Word Perfect Translations Ltd ar bhonn rialta ó 2002. Tá seirbhísí curtha ar fáil ag Word Perfect inár gcuid oifigí i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Gaillimh le haghaidh aistriúcháin, le haghaidh ateangaireachta le linn comhairliúcháin agus freisin le haghaidh ateangaireachta teileafóin. Is é an taithí atá againn ná go mbíonn Word Perfect Translations Ltd i gcónaí an-chabhrach, solúbtha agus toilteanach ár gcuid amlínte a éascú – ar gearrfhógra, go minic. Tá a gcuid seirbhísí curtha ar fáil acu ar shlí atá pras agus gairmiúil i gcónaí”.

Wendy Gray,
Aonad Tacaíochta Riaracháin,
Seirbhís Dhlíthiúil na dTeifeach, BÁC 7