Content on this page requires a newer version of Adobe Flash Player.

Get Adobe Flash player

Aistriúchán

Más mian leat go mbeadh an iarmhairt agus an bhrí chéanna ag do chuid doiciméad agus cineálacha eile téacs tar éis iad a aistriú, is é Wordperfect an comhpháirtí foirfe duitse! Beimid ag obair leat ar fud an phróisis aistriúcháin le do ghnó a chothú, le cinntiú go mbíonn tú sásta leis an obair agus an méid sin uile le fáil agus muid ag gearradh praghais atá ar d’acmhainn.

Tá raon leathan doiciméad aistrithe againn ar son cliant, ar a n-áirítear:

  • Tuarascálacha bliantúla agus ráitis airgeadais
  • Gné-ailt nó clúdach meáin chumarsáide
  • Comhfhreagras ginearálta
  • Treoracha A.D. fostaithe agus lámhleabhair d’fhostaithe
  • Doiciméid sláinte, sábháilteachta agus leasa
  • Reachtaíocht
  • Caidreamh poiblí agus ábhar fógraíochta
  • Ábhar agus doiciméid taighde
  • Lámhleabhair oiliúna

Bímid de shíor ag cur leis an bpunann seo.

 

Teicneolaíochtaí Aistriúcháin:

Soláthraíonn Word Perfect réitigh bhogearra aistriúcháin éifeachtacha dá gcuid cliant, bunaithe ar an teicneolaíocht is fearr agus is déanaí atá ar fáil ar an margadh inniu.

Tacaítear lenár gcuid aistritheoirí ag uirlisí cuimhne aistriúcháin agus ag caighdeáin oibriúcháin don chomhsheasmhacht. Baineann aistritheoirí Word Perfect úsáid as feidhmchláir téarmaíochta agus as gluaiseanna a idirghníomhaíonn leis an gcuimhne aistriúcháin agus a dhéanann téarmaíocht a chuardach go huathoibríoch le linn an phróisis aistriúcháin. Is minic a bhímid ag obair lenár gcuid cliant agus muid ag ullmhú gluaiseanna agus bunachar sonraí téarmaíochta – ag cinntiú ardchaighdeán seirbhíse den scoth ar bhonn comhsheasmhach.