Content on this page requires a newer version of Adobe Flash Player.

Get Adobe Flash player

Cén fáth a roghnófá Word Perfect?

Tuigimid a thábhachtaí is atá sé cinntiú nach ndéantar ateangaireacht agus aistriúchán i gceart go teangeolaíoch amháin, seachas nach mór go gcuirtear san áireamh peirspictíochtaí agus miondifríochtaí éagsúla cultúrtha freisin.

Agus an méid seo á chur san áireamh tugaimid ráthaíocht i dtaca le hinniúlacht ár gcuid ateangairí agus aistritheoirí uile agus cinntímid an leibhéal is airde rialaithe ardchaighdeáin atá le fáil sa réimse seirbhíse seo.

Rinneamar an caighdeán ISO 9001:2000 a lorg agus a bhaint amach agus is baill chorparáideacha sinn den Irish Translators and Interpreters Association - Cumann Aistritheoirí agus Teangairí ne hÉireann.

Is cainteoirí dúchais na sprioctheanga iad ár gcuid teangeolaithe uile agus is saineolaithe aitheanta ina réimsí ábhair iad. Is gairmithe iad a dhéantar a roghnú, a thástáil agus a mheas go dian againn.

Tá comhpháirtíocht curtha ar bun againn le Coláiste Cathrach Átha Cliath le hoiliúint a sholáthar d'ár gcuid teangeolaithe i réimse na nósanna cúirte chomh maith le nósanna imeachta an Gharda agus nósanna ímeachta míochaine agus bímid i mbun nuashonraithe sa réimse seo i rith an ama.

Cé go bhfuilimid speisialaithe i dteangacha agus i gcanúintí Oirthear na hEorpa agus na hAfraice, nílimid teoranta do na teangacha seo agus inár mbunachar sonraí ateangairí agus aistritheoirí cuimsítear na teangacha neamhchoitianta seo: Fairsis, Seoirsis, Úisbéiceastáinis, Cóisis, Edu, Súlúis agus Volaifis, chomh maith le teangacha eile nach iad.

Aistrímid agus déanaimid ateangaireacht freisin ó na croítheangacha uile chuig na teangacha agus canúintí níos neamhchoitianta seo.

Agus Acht na dTeangacha Oifigiúla ar intinn againn, soláthraímid freisin lánseirbhís aistriúcháin agus ateangaireachta go Gaeilge agus ó Ghaeilge freisin.

Being aware of the Official Languages Act, we also provide a full translation and interpretation service to and from the Irish language.

Is mór linn ár bhfoireann agus leis sin a léiriú faoi láthair táimid i mbun bhaint amach na Dámhachtaine Feabhas trí Dhaoine i 2007.